Welcome to Áras na nGael
Aras na nGael is the headquarters of the Irish language voluntary sector in Galway City and the centre is open on a year round basis from morning until night. Over 10,000 people use Áras na nGael annually and over 25 groups use Áras na nGael for their own events.
Aras na nGael is an information centre for the Irish language, where a wide range of services are provided to the public, including: Club Áras na nGael; Irish Language Classes; Office and Activity Space; Seachtain na Gaeilge; Summer Camps for Children; Free Legal Aid Centre and Oíche na bhFoghlaimeoirí - a language learners night. Áras na nGael has a close working relationship with all local media to help provide further services for the Irish language community.
Aras na nGael welcomes individuals, groups and organizations who wish to use the available services. The Áras belongs to you.
Fáilte go dtí Áras na nGael
Is é Áras na nGael ceanncheathrú ghluaiseacht dheonach na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe agus é ar oscailt ó cheann ceann na bliana ó mhaidin go hoíche. Tugann breis agus 10,000 duine cuairt ar an Áras le linn na bliana agus tá breis is 25 grúpa ag baint úsáide as an Áras.
Tá Áras na nGael ina ionad eolais don Ghaeilge agus cuirtear réimse leathan seirbhísí ar fáil. Ina measc tá: Club Áras na nGael; Ranganna Gaeilge; Spás Oifige & Imeachtaí; Seachtain na Gaeilge; Campaí Samhraidh do Pháistí; Ionad Saor- Chomhairle Dlí agus Oíche na bhFoghlaimeoirí. Oibríonn Áras na nGael leis na meáin áitiúil lena chinntiú go bhfuil seirbhís á chur ar fáil do phobal na Gaeilge.
Cuirtear fáilte roimh dhaoine aonair, ghrúpaí nó eagraíochtaí gur mian leo úsáid a bhaint as na háiseanna atá ar fáil. Is libhse an t-Áras.






