Sínigh suas dár nuachtlitir | Sign up to our mailing list

Áras na nGael

45 Sráid Doiminic

Gaillimh

+353 91 567 824

gaillimh@cnag.ie

Ceol agus Rince

Ranganna Concertina

Noel Hill: Tá clú agus cáil ar Noel Hill mar sheinnteoir consairtín a bhíonn ar an ardán agus ag reáchtáil ceardlainne fud fad na cruinne.   

Le clárú do ranganna, is féidir glaoch a chur ar Noel Hill ar 087 2339062.

Ranganna Sean-Nós

Bíonn ranganna damhsa ar an sean-nós ar siúl go rialta i gClub Áras na nGael gach Luan agus iad á mhúineadh ag an saineolaí Pádraic Ó hOibicín. Tá ard-cháil ar Phádraic mar mhúinteoir agus ar ndóigh tá craobh an Oireachtais bainte amach aige féin.

 

Le clárú nó le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil linn ar 091 567824 nó gaillimh@cnag.ie.

Ranganna Bodhrán

Bíonn ranganna bodhrán in Áras na nGael ar maidiní Sathairn ag 11:00am.   

Tá na ranganna oiriúnach do leibhéil éagsúla agus tá costas €10 in aghaidh na ranga orthu nó €85 le haghaidh chúrsa 10 seachtaine. 

Le haghaidh tuilleadh eolais nó le clárú do na ranganna, déan teagmháil le Daniel Burke ar 086 4453505 nó d.burke32@nuigalway.ie.