Sínigh suas dár nuachtlitir | Sign up to our mailing list

Áras na nGael

45 Sráid Doiminic

Gaillimh

+353 91 567 824

gaillimh@cnag.ie

Club Áras na nGael

  • Facebook Social Icon
  • Instagram Social Icon
  • Twitter Social Icon
  • Trip Advisor Social Icon
  • Snapchat Social Icon

Bíonn scoth an cheoil agus an chomhluadar ar fáil i gClub Áras na nGael.  

Osclaíodh Club Áras na nGael i 1986 agus is tearmann beag do phobal na Gaeilge i lár na cathrach.  Tá clú ar Chlub Áras na nGael anois mar ionad ceoil ar leith atá ag freastal ar suimeanna éagsúla le rud éigin do ghach duine le cloisteáil sa chlub. 

Seisiún an tSathairn

Bíonn seisiún cheoil triaidisiúnta i gClub Áras na nGael gach oíche Sathairn ó 9:00pm.  Is iomaí aoi-cheoltóir a bhíonn istigh ag na seisiúin seo ag seinm linn ar nós Murphen Kobald, Méabh Ní Thuathaláin, Mike Ó hÉanaigh, James Frawley, Seoasamh agus Sadhbh Ó Fatharta agus neart eile nach iad.  

Tá fearadh na fáilte roimh cheoltóirí eile bualadh isteach ar an oíche le páirt a ghlacadh sa seisiún fad-bhunaithe seo a tosaíodh comh fada siar le 1986 nuair a osclaíodh an club.

Oíche na bhFoghlaimeoirí

Bíonn oíche na bhfoghalaimeoirí ar siúl gach Dé Luain ó 7.30i.n.  Is deis iontach é seo do dhaoine teacht le chéile agus cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge i dtimpeallach neamhfhoirmeálta, cairdiúil, oscailte.  

Is féidir buail isteach le hOíche na bhFoghlaimeoirí in am ar bith agus tá i gcónaí fáilte roimh dhaoine úra.  

Saorchead isteach. 

Club Chultúrtha Dhomhanda

Bíonn Oíche Chultúrtha Dhomhanda ar siúl gach Aoine i gClub Áras na nGael. Is oíche iontach é sa chlub mar gheall ar an gceol éagsúil a bhíonn á sheint agus na daoine difriúla a bhíonn láithreach. Tá sé ag tosnú ag a 9-12.30am, agus tá táille 5 euro ar an doras. 

Oíche na Mac Léinn

Bíonn seisiún mall ar siúl i gClub Áras na nGael gach Oíche Dé Céadaoin idir 8:30pm agus 12:00pm.  Tá an seisiún dírithe ar cheoltóirí ag gach leibhéal, go háirithe orthu siúd gan mórán taithí seisiún agus atá ag iarraidh é sin a athrú.  Is seisiún oscailte, réamhchúiseach é seo le fearadh na fáilte roimh cheoltóirí nua atá fós ag foghlaim.  Bímid ag seinm ag luas atá fóirsteanach do ghach duine agus bíonn deis agus bainimid triaill as port nua do ghach duine anois is arís fosta.   

Seisiún Mall

Bíonn seisiún mall ar siúl i gClub Áras na nGael gach oíche Dé Luain ag tosnú ag 7i.n.  Tá an seisiún dírithe ar cheoltóirí ag gach leibhéal, go háirithe orthu siúd gan mórán taithí seisiún agus atá ag iarraidh é sin a athrú.  Is seisiún oscailte, réamhchúiseach é seo le fearadh na fáilte roimh cheoltóirí nua atá fós ag foghlaim.  Bímid ag seinm ag luas atá fóirsteanach do ghach duine agus bíonn deis agus bainimid triaill as port nua do ghach duine anois is arís fosta.   

Rince Sean-Nós

Bíonn cúrsaí damhsa ar an sean-nós ar fáil i gClub Áras na nGael le múinteoir Gearóid Ó Dúbháin. Tá ard-cháil ar Ghearóid mar mhúinteoir damhsa agus tá taithí na mblianta aige a bheith ag damhsa é féin.  Tá na ranganna seo ar fáil ag leibhéil éagsúla, foirfe do gach duine le taithí nó ag toiseacht amach.

Beidh siad ag tosnú ar an 29ú Eanáir go dtí an 2ú Aibreán:

7-8i.n. - Tosaitheoirí

8-9i.n. - Feabhasaitheoirthí

Is féidir eolas a fháil maidir leis na cúrsaí atá le teacht ar leathanach na ranganna anseo.