Sínigh suas dár nuachtlitir | Sign up to our mailing list

Áras na nGael

45 Sráid Doiminic

Gaillimh

+353 91 567 824

gaillimh@cnag.ie

Comórtas Uí Chonaire

Is comórtas scríbhneoireachta é Comórtas Uí Chonaire do scríbhneoirí óga chun daoine óga a spreagadh chuig scríbhneoireachta agus le ábhar léitheoireachta comhaimseartha a chur ar fáil do dhéagóirí.

 

Eagraíonn Coiste Chontae na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge an comórtas seo i gcuimhne ar Phádraig Ó Conaire agus mar chomóradh ar fhís litríochta bhaill Chonradh na Gaeilge a ghlac páirt an-mhór in Éirí Amach na Cásca, táthar ag súil go spreagfaidh an comórtas glúin de scríbhneoirí nua tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge.

Is comórtas gearrscéalaíochta Gaeilge le haghaidh scríbhneoirí faoi bhun 25 bliain d’aois atá i gceist le Comórtas Uí Chonaire agus é dírithe ar ábhar léitheoireachta a chur ar fáil a bheidh feiliúnach do dhéagóirí idir 15 – 18 bliain d’aois.

Agus príomhdhuais de €1,000 le buachan, is é seo an duaischiste is luachmhara atá ar fáil do chomórtas le haghaidh scríbhneoirí óga i nGaeilge nó i mBéarla. Bronnfar €400 mar dhara dhuais agus €250 mar tríú duais.

Tá Comórtas Uí Chonaire á eagrú ag Coiste Chontae na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge faoi phátrúnacht chlann Uí Chonaire.