Sínigh suas dár nuachtlitir | Sign up to our mailing list

Áras na nGael

45 Sráid Doiminic

Gaillimh

+353 91 567 824

gaillimh@cnag.ie

Seomraí ar Cíos

Tá réimse leathan spáis ar fáil in Áras na nGael, i gcroílár chathair na Gaillimhe. Tá spás oifige fadtéarmach ar fáil agus seomraí eile atá an-fheiliúnach i gcomhair cruinnithe ghnó, cláir thraenála, seimineáir, ionad agallaimh nó ranganna. Is féidir iad a chur in áirithe ar feadh leathlá, lá iomlán, oíche nó ar bhonn seachtainiúil, le rátaí cíosa fabhracha.

Spás Oifige

Tá oifigí breá ar fáil cúpla nóiméad siúl uait tá an Fhaiche Mhór, na bainc ar fad, bialanna agus áiseanna iomlán Chathair na dTreabh.

Tá na hoifigí ar fáil gan troscán, ach is féidir le tionóntaí leas a bhaint as réimse leathan seirbhísí oifige más gá, rud a laghdaíonn an infheistíocht trealaimh a bheidh á déanamh ag an tionónta. Is féidir na hoifigí seo a úsáid mar oifigí, ionad ranga nó mar ionad ceardlainne.

An Amharclann

Seomra breá suite ar an mbun urlár, 11.12m x 4.8m, le hurlár adhmaid, síleáil ard Sheoirseach agus cuma áirse air. Tá an seomra seo feiliúnach do chruinnithe, cheolchoirmeacha beaga, agus le scátháin ar na ballaí, tá sé an-fheiliúnach le haghaidh ranganna damhsa nó trialacha aisteoireachta.  Is féidir suas go 65 duine a chur sa seomra i leagan amach amharclainne nó 34 do rang.

Seomra 1

Suite ar an gcéad urlár, seo seomra breá eile, 6.4m x 4.8m, le síleáil ard Sheoirseach agus solas nádúrtha ag silleadh isteach tríd an fhuinneog áirse.Tá an seomra seo feiliúnach do chruinnithe, ranganna, cheardlanna nó mar ionad d'agallaimh.Tá an seomra feiliúnach do thart ar 20 duine mar sheomra ranga nó do 15 mar sheomra boird.

Seomra 2

Suite ar an dara hurlár, seo seomra eile, 4.8m x 4.8m, le síleáil ard Sheoirseach agus neart solais nádúrtha. Tá an seomra seo feiliúnach do chruinnithe, ranganna, cheardlanna nó mar ionad d'agallaimh.  Seomra feiliúnach do 20 mar sheomra ranga nó thart ar 12 do chruinniuithe.

Seomra 3

Tá an seomra seo, 7.3m x 4.8m, suite ar an tríú hurlár tá sé feiliúnach do chruinnithe, ranganna nó do chúrsaí drámaíochta.  Is féidir an seomra a leagadh amach mar amharchlann do 35 duine, nó mar sheomra ranga do 20 duine.