Sínigh suas dár nuachtlitir | Sign up to our mailing list

Áras na nGael

45 Sráid Doiminic

Gaillimh

+353 91 567 824

gaillimh@cnag.ie

Seachtain na Gaeilge

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus fud fad an domhain gach bliain.

Tugann an fhéile deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.

Eagraítear breis agus céad imeacht i gContae na Gaillimhe mar chuid de Sheachtain na Gaeilge gach bliain.  Bíonn clár imeachtaí lán do Sheachtain na Gaeilge in Áras na nGael gach bliain le imeachtaí éagsúla féiliúnach do ghach aoisghrúpa agus do ghach cumas Gaeilge. 

Tá tuilleadh eolais faoi Sheachtain na Gaeilge ar fáil ag www.snag.ie.

Seachtain na Gaeilge 2017

Bhí seoladh náisiúnta Sheachtain na Gaeilge 2017 ar Sráid na Siopaí i nGaillimh. 

Le ceolchoirm ó Seo Linn agus cóisir sráide, bhí atmaisfear iontach ann don seoladh, a eagraíodh le linn Ard Fheis Chonradh na Gaeilge.